Bhí ár dtráth na gceist bliantúil againn ar an 23ú Márta. Tháinig rang a 3, 4, 5 & 6 le chéile don tráthnóna. Bhí 28 foireann ann, le páiste ó na ranganna uilig orthu. Fuaireamar pointe amháin le haghaidh freagra as Béarla, ach dhá phointe le haghaidh freagra as Gaeilge. Bhí babhta ann faoi spórt, tíreolaíocht, stair, ár scoil agus faoi cheol agus pictiúir freisin. Bhaineamar taitneamh as an tráthnóna agus bhí an-sceitimíní orainn nuair a bhí Ms. O'Mara ag glaoch amach na buaiteoirí!