Lá Glas agus Céilí Mór
Bhí Lá Glas againn ar an 11ú lá de Mhárta, chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tháinig Ms. O'Sullivan ar ais don chéilí ar an lá céanna agus mhúin sí cúpla rince do na ranganna go léir. Bhaineamar sár taitneamh as an lá agus táimid fíor bhuíoch de Ms. O'Sullivan a chaith an lá linn arís i Scoil Mhuire!
Tráth na gCeist 2016
Bhí ár dtráth na gceist bliantúil againn ar an 4ú Márta. Tháinig rang a 3, 4, 5 & 6 le chéile don tráthnóna. Bhí 28 foireann ann, le páiste ó na ranganna uilig orthu. Fuaireamar pointe amháin le haghaidh freagra as Béarla, ach dhá phointe le haghaidh freagra as Gaeilge. Bhí babhta ann faoi spórt, tíreolaíocht, stair, ár scoil agus faoi cheol agus pictiúir freisin. Bhaineamar taitneamh as an tráthnóna agus bhí an-sceitimíní orainn nuair a bhí Ms. O'Mara ag glaoch amach na buaiteoirí!
Ag fáil ár nduaiseanna ...
Bhuaigh Foireann 2 le 94 phointe. Bhí Foireann 12 sa dara háit le 91 phointe agus le 90 pointe, bhí Foireann 1.
Maith sibh go léir, rinne sibh sár-obair!
Maith sibh go léir, rinne sibh sár-obair!